1. |
||||
2. |
The Month of January
05:45
|
|||
It was in the month of January, the fields were white with snow,
Where over hill and valley, my true love he did go,
It was there I spied a pretty fair maid with a salt tear in her eye,
She had a baby in her arms and bitterly she did cry.
Saying, “Cruel was my father who barred the door on me,
And cruel was my mother, this dreadful crime to see,
Cruel was my own sweetheart who changed his mind for gold,
And cruel was the wintery wind that pierced my heart with gold”.
For the taller that the pine tree grows the sweeter is the bark,
And the fairer that a young man speaks, the falser is his heart,
For they’ll kiss you and caress you ‘til they think they have you won,
Then they’ll go away and leave you all for some other one.
So come all my pretty fair maids a warning take of me,
And never try and build your nest on the top of a high tree,
For the green leaves they will wither and the branches will decay,
And the blushes of a false young man, too soon will fade away.
|
||||
3. |
||||
4. |
Bacach Shíl Andaí
04:23
|
|||
An raibh tú i dToraigh nó i gCaisleán a’ Bharraigh,
An bhfaca tú campaí a bhí ag na Francaigh?
Curfá:
Mise ’gus tusa ’gus ruball na muice ‘gus bacach Shíl’ Andaí
Bhí mé i dToraigh is i gCaisleán a’ Bharraigh,
‘S chonaic mé campaí a bhí ag na Francaigh.
Curfá
An raibh tú ar an chruach nó an bhfaca tú an slua,
A bhí ar Chnoc Phádraig, a bhí ar Chnoc Phádraig?
Curfá
Ó bhí mé ar an chruach is chonaic mé an slua,
A bhí ar Chnoc Phádraig, a bhí ar Chnoc Phádraig.
Curfá
|
||||
5. |
||||
6. |
Níon a’ Bhaoigheallaigh
06:16
|
|||
Ó, bhí mé oíche taobh istigh Fhéil’ Bhríde,
A’ faire thíos ar a’ Mhullach Mhór,
Agus tharlaigh an naoi díom a dtug mé gnaoi di,
Mar bhí sí caoithiúil lách álainn óg.
‘Sí go cinnte a mhearaigh m’intinn,
Agus lia na bhFiann, ó, ní leigheasfadh mé
Agus tá mo chroí istigh ‘na mhíle píosaí
Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glé.
A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt,
Orú, druid anall liom agus tabhair domh póg,
Agus dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom,
Nár chuma liomsa, a mhíle stór?
A mhíle grá, tá cách a’ rá liom
Gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás,
Agus níl lá margaidh a mbíodh sna Gearailtigh
Nach bhfaighinn cúl feamainneach agus mise ag ól.
Is fada ‘n lá breá ó thug mé grá duit,
Agus mé ‘mo pháiste bheag óg gan chéill,
'S gur leatsa shiúlfainnse cnoic ‘s gleanntáin,
‘S go Baile ‘n Teampaill dá mbíodh sé romham,
Ach anois ó tá mise curtha cráite,
‘S gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth,
A Rí tá i bParthas, ó, déan domh fáras
I ngleanntáin áilne lena taobh.
|
||||
7. |
||||
8. |
||||
Is minic mé ag smaointiú,
Is mé ag féachaint ar gach taobh domh,
Is feicim sluaite daoine idir aosta is óg,
‘S iad faoi dheifre shíoraí ag siúl an bealach céanna,
Ina bhfuil mé féin go cloíte ag taisteal leo sa ród.
Is leanfaidh siad a choíche, is saint ina gcroíthe,
Ag bailiú leo maoin shaolta, ó mhaidin go neoin,
Tá mise ag leanstan daofa, ‘s ní bhfaighidh mé sos nó scíste,
Go scroichfidh mé ceann scríbe,
Sa bhealach seo ‘tá romham.
Is íomaí corr is lúbadh, sa turas chun na huaighe,
‘S íomaí ábhar buartha, ‘casfar ort sa tslí,
Ach is fusa iad a shárú, le greann agus le gáire,
‘S a bheith i gcónaí sásta, nó a theacht le toil an Rí.
Is cuma cad ‘tá i ndán domh, ‘s ag Dia féin atá a fhios ag sin,
Ní bheidh mé choíche cráite, le buaireamh nó brón,
Ach cuirfidh mé mo dhóchas i nDia mhór na Glóire,
‘S dhéanfaidh sé mé ’threorú, sa bhealach seo ‘tá romham.
|
||||
9. |
Dark Inishowen
05:21
|
|||
10. |
||||
11. |
Cumha an Oileáin
04:19
|
|||
12. |
Port Alex
02:22
|
|||
13. |
Fare Thee Well, a Stór
04:24
|
Altan Donegal, Ireland
Altan is arguably the most iconic band working in traditional Irish music today. For the past 35 years, they have been bringing the music of their native County Donegal to the world stage. Irish-language songs and dynamic twin-fiddling, the hallmarks of Altan’s sound, framework the band’s newest album, aptly titled Donegal. ... more
Streaming and Download help
If you like Altan, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp